|
Slite Íosa Críost agus gach dár chuir sé le comhfhiosacht an duine agus leis na hathruithe ar tháinig ar an gcine daonna agus ar an domhan: Láithreán eolais neamhspleách ar a dtugtar tuairimí nua ó mhórán réimsí taighde agus ó mhórán réimsí taithí, i dteannta leideanna praiticiúla i gcomhair forbartha pearsanta. Ar an suíomh Gaeilge seo geobhaidh tú beagán buneolais i dteannta le paidir. → |
|
Geobhaidh tú ár dtráchtaireacht chuimsitheach ar na soiscéil agus ar an taispeánadh chomh maith le caibidlí faoi mhórán ábhar eile3) i mBéarla agus i roinnt teangacha eile. |
|
1) leaganacha
cuimsitheacha: Béarla
agus Gearmáinis ar an ndéantar athshonrú go rialta. … |
![]()
|
Paidir ar son na Síochána, na Beatha agus an Domhain Míníonn an phaidir seo dearcadh Críostaí, chomh maith, rud go bhféadann guí éifeachtach a bheith mar thoradh air: A Dhia, is Tusa a thug beatha dom, is Tusa mo chabhair
is mo dhóchas! Treoraigh mé chun nach ndéanfainn dochar do dhaoine
eile agus iad ag teacht chugat; Spreag an cine daonna chun cinntí faoi bheatha agus
faoi bhás a fhágáil i Do láimh. **
*) Is féidir daoine eile a chur san áireamh anseo. **) is féidir mionsonraí a chur leis anseo nó machnamh a dhéanamh fúthu tar éis na paidre, mar seo: ná bí ag méadú foréigin a thuilleadh trí fhreagairt fhoréigneach a thabhairt ar ghníomh fhoréigneach,’ ‘cúiseanna foréigin a laghdú trí fhadhbanna a réiteach’, 'gan aon bhearta slándála a chur i bhfeidhm ach amháin iad siúd a fhágann a gcearta daonna ag daoine síochánta’, 'caidreamh síochánta a thionscnamh idir pobail na reiligiún éagsúla go bhfuil deá-thoil acu', ... . B’fhéidir gur mhaith leat féachaint ar Mhatha 5:9 agus 26:52.***) Tá an dúlra ag glaoch ar chabhair. Tá sé sin am dúinn guí, A Thiarna tarrtháil sinn ó chumhachtaí gríosaithe an nádúir. Mar sin féin ní mór dúinn ár n-iompar i leith na cruthaíochta a athrú.****) Lúcás 11:2; 21:31. Taispeánadh 11:16; ... Féach leis, an Ár nAthair, Mata 6:7-15. Is féidir le Dia an grá a tugtar dó a dháileadh amach. Is cuid de bheith ag gníomhú agus de bheith ag caitheamh ár mbeatha sa "spiorad" céanna é a bheith ag guí. Tugann siad tacaíocht dá chéile. |
3)
Tá na caibidlí seo leanas sa phríomhthéacs sna teangacha eile: i gcuid 1: Réamheolas ar chuspóir agus ar úsáid an téacs seo i dteannta cúnaimh chríochnúil agus machnaimh; "Bhí an Briathar (Gréigis: logos) ann i dtús báire …agus rinneadh feoil den Bhriathar"; Íosa Nazórach: a bhreith; agus leathanach eile faoi athbhreith de réir na tuisceana Críostaí; An bhfuil aon ní suntasach le fáil i mblianta óige Íosa?; Trácht ar achrann faoi "bheirt bhuachaill darbh ainm Íosa-" Baisteadh in Abhainn na hIordáine le hEoin Baiste; leathanach breise le nótaí faoi bhaisteadh mar atá sé sa lá atá inniu ann; Ciúnas sa bhfásach; Íosa á phromhadh; Bainis Chána; (Tuairimí maidir le gnéasacht, comhbhá, ionbhá agus grá); "Díograis naofa" (agus tuairimí ar mhothúcháin); Seanmóir ar an Sliabh agus tuairimí faoin aigne). Claochlú an Tiarna ar Shliabh Tabor; Ceist na "míorúiltí", Ag tógáil Lazaras ó na mairbh; "Na Caoirigh", Críost ag "ní cosa na nDeisceabal" agus Máire ó Bhéatáine ag ungadh Íosa – gné thábhachtach na spioradáltachta Críostaí; an Suipéar Déanach, an imrím chaithréimeach, Íosa á ghabháil agus á sciúrsáil; an "an choróin dheilgneach" agus na cainteanna déanacha; Céasadh agus adhlacadh (i dteannta tuairimí ó mhisteachas Críostaí); An cheist faoin uaigh fholamh," dul síos go hifrinn", agus "dul suas chun na bhflaitheas"; an "Aiséirí", "Deascabháil" Críost; Éacht na Cincíse; Tagairt do phictiúir Íosa; i gcuid 2: Taispeánadh Naomh Eoin; ag déileáil le fáistiní; Maidir le hábhar taispeánadh Naomh Eoin: Na seacht n-eaglaisí; leathanach breise faoi eaglaisí an lae inniu, na difríochtaí eatarthu agus an bóthar chun na héiciúméine; "Na seacht séalaí"; "Na seacht dtrumpaí" "Na seacht dtoirneacha" agus an bheirt fháidh; An bhean agus an Dragún; "ainmhí na seacht gceann" as an bhfarraige; "ainmhí na ndeich n-adharca" as an talamh; Seacht n-árthach na feirge agus deireadh na "Bablóine"; "1000 bliain fíor na síochána"; Neamh Nua, Domhan Nua agus "Iarúsailéim Nua"; an Chaibidil dhéanach: an dearcadh Críostaí; Tábla: dearcadh Críostaí: Sa domhan gan a bheith den domhan. Cuid 3 agus 4: Ábhair eile: na Leathanaigh seo agus na scoileanna diagachta; Cad chuige atá Eaglais nó cuallacht ag teastáil uaim? Inspioráid agus na heaglaisí; na heolaíochtaí agus creideamh i nDia; Urnaí; Machnamh Críostaí; Íosa Críost agus slánú – i gcorp an lae inniu, chomh maith; Ábhair na Cré; Ceist maidir le beatha tar éis bháis agus an éifeacht atá aici ar bheatha roimh bhás; an Chríostaíocht – an bhaint atá aici le teagaisc eile faoi "karma" agus faoi "athionchollú"; Suipéar an Tiarna; Íosa Críost agus ceisteanna faoi bheathú; Reiligiún chun an duine a athnascadh le Dia – ar bhóithre le hÍosa Críost; buneolas ar luachanna eitice; tuairimí Críostaí ar cheisteanna faoi gheilleagar agus faoi cheisteanna sóisialta; tuairimí Críostaí faoin tsochaí agus faoi chúrsaí polaitíochta; An Sean-Tiomna; "Íosa agus Ioslam"; Reiligiún Zarathustra agus Íosa Críost; "Íosa Críost agus Búdachas"; "Íosa Críost agus Hiondúchas"; Íosa Críost agus Taochas, Confúiceachas"; "Caidreamh idir an Chríostaíocht agus Sinteochas – i dteannta radhairc ghinearálta ar reiligiúin an nádúir; Chuig leathanach breise ar a bhfuil ceartuithe ar theoiricí nua-aimseartha faoi Íosa; Reiligiún agus Fealsúnacht, nótaí tráchta faoi chaint le Habermas; Tuairimí Críostaí maidir le héiceolaíocht; maidir le beatha gan bhreith;…. : tá cead agat ár gcuid leathanach a phriontáil – gan athruithe – agus iad a chur ar aghaidh chuig do chairde.R-phost: (as Béarla nó as Gearmáinis, le do thoil).